Cé Mé Féin

Heather

D’fhás mé aníos ar fheirm díreach lasmuigh de shráidbhaile ar a dtugtar an Droim, atá ar an teorainn idir Muineachán agus an Cabhán. Ba é Freddie m’athair agus ba í Emily mo mháthair. Ba mise an t-aon chailín i mo theaghlach agus bhí beirt deartháireacha níos óige agam, Bert agus Alan.

Feirm oibre a bhí ann. Thabharfaí jab duit gan mórán moille dá ndéarfá riamh go raibh leadrán ort! Bean iontach a d’oibrigh go dian a bhí i mo mháthair agus mhúin sí dom ó bhí mé i mo pháiste óg nach raibh jab ar bith ann nach bhféadfainn aghaidh a thabhairt air. Agus rinne mé gach rud dá bharr: Rinne mé na ba a bhleán; d’fhéadfainn tarracóir a thiomáint; chabhraigh mé leis an bhféar a bhaint; thug mé beatha do na laonna agus go leor leor rudaí eile ina measc. Ní bhíonn tú riamh díomhaoin agus tú i do chónaí ar fheirm, bíonn obair le déanamh i gcónaí.

Ba é m’athair an t-aon mhac agus chónaíomar dá bharr ar an bhfeirm le mo sheantuismitheoirí. Tá cuimhní áille agam de na trí ghlúin dínn go léir ag cónaí faoin díon céanna. Fuair mo sheanathair bás nuair a bhí mé 18 mbliana d’aois, agus fuair mo sheanmháthair bás cúpla bliain ina dhiaidh sin. Nuair a chuimhním siar, is mairg nár chuir mé níos mó ceisteanna orthu faoi conas mar a bhí an saol acu nuair a bhí siadsan óg. Ní ritheann na rudaí sin leat ach nuair a théann tú in aois agus, ar an drochuair, ní féidir le duine ar bith dínn an clog a chasadh siar.

D’fhreastail mé ar an Scoil Náisiúnta sa Droim. Scoil bheag tuaithe ab ea í nach raibh ach aon mhúinteoir amháin inti. Mar a tharla, ní raibh ach duine amháin eile i mo rang. Nuair a bhí orm freastal ar an meánscoil, d’fhreastail mé ar Scoil Chuimsitheach Aodáin Naofa, Pobalscoil i Muinchille. Scoil il-sainchreidmheach ab ea í agus cuireadh oideachas iontach orainn inti, oideachas a chuir ar bhealach mo leasa mé.

Chuaigh mé ag obair i mBanc Uladh ar chríochnú na scoile dom agus d’oibrigh mé ina dhiaidh sin mar Bhainisteoir Chomhar Creidmheasa Mhuinchille. Tá an Comhar Creidmheasa fréamhaithe go daingean sa phobal agus tá siad an-tiomanta ann d’fhreastal ar na daoine. Thiocfadh daoine isteach agus cabhair á lorg acu le rudaí éagsúla, d’fhéadfadh iasacht bheag a bheith ag teastáil chun cabhrú le híoc as na costais chun filleadh ar an scoil nó d’fhéadfadh sé go raibh an gluaisteán le deisiú. Chuir mé aithne sa Chomhar Creidmheasa ar dhaoine agus cuireadh in iúl dom na dúshláin a bhíodh rompu agus na fadhbanna a bhíodh le sárú acu in amanna.

Chuaigh mé leis an bpolaitíocht go hiomlán trí thimpiste. Bhí duine á lorg ag an Teachta Dála Seymour Crawford, nach maireann, chun teacht ina ionad i gComhairle Contae Mhuineacháin. Mhol comharsa mo dheartháir, Bert, dó. Bhí Bert bainteach i bhFeirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus b’fheirmeoir mór é Seymour agus cheap sé go raibh an fear ceart aimsithe aige dá bharr. Dúirt an chomharsa ar fhágáil dó: Cad faoi Heather? Oibríonn sí sa Chomhar Creidmheasa. D’fhág Seymour an teach agus dhá ainm aige agus bhí dhá rogha aige agus é ag tiomáint síos an bóthar: casadh ar chlé go teach Bert nó ar dheis go teach Heather. Ar ámharaí an tsaoil, bhí Seymour chun tosaigh ar lucht a linne agus cheap sé gur theastaigh níos mó ban sa pholaitíocht agus chas sé i dtreo mo thí dá bharr. Ba é sin conas a bhain mé an pholaitíocht amach.

D’oibrigh mé le Comhairle Contae Mhuineacháin ó 2003 go 2011, tráth ar toghadh mé chun Dháil Éireann.  Cuireadh ionadh mór orm, mar a cuireadh ar an gcuid is mó den tír, nuair a ceapadh i m’aire rialtais mé in 2014 agus mé i mo Theachta Dála den chéad uair. Bhí an t-ádh orm fónamh sa Chomh-Aireacht ar feadh breis agus deich mbliana i measc réimse aireachtaí éagsúla. Thaitin an jab liom i gcónaí agus b’aoibhinn liom casadh agus caint le daoine, bíodh Comóradh 2016 a stiúradh, tacú le gnólachtaí i rith an Bhreatimeachta agus phaindéim Covid-19, reachtaíocht a achtú le haghaidh Rollú Uathoibríoch agus Sochar Pá-Choibhneasa, Béilí Teo a thabhairt isteach i mBunscoileanna nó tacú lenár bpobail tuaithe i gceist.

Tá an t-ádh dearg orm go dtacaíonn mo theaghlach liom agus go dtuigeann siad cé chomh tábhachtach is atá an tseirbhís phoiblí. Táim pósta le Eric agus tá beirt iníonacha againn, Eva agus Tara, agus tá an-ádh orm go bhfuil beirt mhac cleamhnais iontach, Seán agus Gerard, anois agam. Tá beirt gharleanaí áille agam, Arthur (4) agus Charlotte (1). Mar a tharlaíonn, tá m’iníon is óige, Tara, ag súil lena céad leanbh an mhí seo, mar sin, is cinnte go bhfuil bís an domhain orainn sa bhaile faoi láthair.

Mo Luachanna

Ba mhaith liom a bheith i m’Uachtarán mar gheall ar an ngrá atá agam don tír seo agus mar gheall go bhfuil muinín agam as muintir na hÉireann — as ár bpobail, as an neart atá againn le chéile, agus as na deiseanna atá ann i ngach cearn den oileán seo.

Bhí mo chroí istigh sa Phobal riamh anall.

Is as paróiste beag tuaithe dom, áit a dtugann na comharsana aire dá chéile agus a gcabhraíonn siad lena chéile in am an ghátair. Is eol dom go bhfuil an mórtas céanna pobail agus ceantair sin le mothú fud fad na tíre seo. Mar Uachtarán, ba mhaith liom ómós a thabhairt do na laochra gan aitheantas agus ceiliúradh a dhéanamh orthu – na hoibrithe deonacha inár bpobail – Coistí na mBailte Slachtmhara, Cumann Lúthchleas Gael, Botháin na bhFear, na Clubanna Óige, agus go leor leor eile ina measc.   Is iad na hoibrithe deonacha siúd a cheanglaíonn pobail le chéile agus a choimeádann ár sochaí le chéile. Beidh sé mar mhisean agam, mar Uachtarán, ní hamháin daoine a thabhairt chomh fada leis an Áras, ach an tÁras a thabhairt chomh fada leis na daoine. Is mian liom gach cearn den tír seo a bhaint amach agus buíochas a chur in iúl do na hoibrithe deonacha as an obair a dhéanann siad.

Aontacht níos tábhachtaí anois ná mar a bhí sí riamh roimhe seo.

Mar gheall go mairimid faoi láthair i ndomhan ina bhfuil deighilt níos mó ag teacht eadrainn, creidimse gur féidir leis an Uachtarán tionchar aontaithe a imirt sa tír seo – duine a thugann daoine le chéile. Rinne mé iarracht i rith mo shaoil bacainní a shárú agus muintearas a dhéanamh le daoine. Is mian liom díriú ar an Uachtaránacht a úsáid chun éisteacht le daoine, a scéal a chloisteáil agus iarracht a dhéanamh athmhuintearas agus tuiscint a bhaint amach san áit a bhfuil deighilt ann. Tugaimid faoi deara gan mhoill gur mó i bhfad na rudaí a dhéanann sinn a aontú, seachas a dheighilt, ach na comhráite sin a bheith againn agus éisteacht le scéalta a chéile.

Agus creidim gur fiúntach an rud iad deiseanna.

Tá sé tugtha faoi deara agam an méid is féidir le daoine a bhaint amach nuair a thugtar seans cothrom dóibh. Thug mé béilí scoile isteach chun go bhféadfaí caitheamh go cothrom le gach leanbh sa tír seo agus dinnéar te a thabhairt dóibh i lár an lae. Is cruthúnas críochnaithe mé gur tír lán deiseanna í Éire, gan aird ar do chúlra. Ba mhaith liomsa, mar Uachtarán, go mbeadh a fhios ag na leanaí go léir a fhásann aníos ar an oileán seo nach bhfuil teorainn ar bith leis an méid is féidir leo a bhaint amach.

Rinne na trí chroíluach siúd – Pobal; Aontacht agus Deiseanna – mé a mhúnlú mar dhuine agus is iad na luachanna ba mhaith liom a chothú agus mé i m’Uachtarán.

Sa mhullach air sin, ba mhaith liom ionadaíocht bhródúil a dhéanamh d’Éirinn ar ardán an domhain. D’oibrigh mé nuair a bhí mé i m’Aire Gnó le gníomhaireachtaí Stáit cosúil le Fiontraíocht Éireann agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, agus bhí mé i gceannas ar mhisin trádála ar fud an domhain. Tá gnólachtaí iontacha nuálacha againn in Éirinn atá ar thús cadhnaíochta ina réimsí féin. Oibreoidh mé go dian dícheallach mar Uachtarán chun deiseanna a chur ar fáil do chomhlachtaí Éireannacha thar lear.

Bean a bhfuil fios a gnó aici

Bhí Heather ina haire rialtais ar feadh breis agus 10 mbliana agus d’oibrigh sí i roinnt Ranna éagsúla agus as lámha a chéile le ceathrar Taoiseach. 

Ó thús deireadh a gairme, bhí muinín ag daoine go bhféadfaidís brath ar Heather agus go ndéanfadh sí beart de réir a briathair. 

Má tá rud éigin le déanamh, deirtear gur cheart iarraidh ar an mbean ghnóthach é a dhéanamh. Is é sin go díreach an rud a tharla nuair a iarradh uirthi seasamh isteach dá comhghleacaí Helen McEntee agus í ar shaoire mháithreachais, rud a d’fhág go raibh Heather freagrach as trí Roinn Rialtais ar leith ag an am céanna; an Roinn Dlí agus Cirt; an Roinn Coimirce Sóisialaí; agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Seo achoimre ar chuid de shaothar Heather agus í ina haire rialtais:

Ealaíona agus
Cultúr 

Bhí Heather i gceannas ar Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca, 2016, rud ar éirigh go hiontach leis. D’oibrigh sí le daoine a thabhairt le chéile agus lena chinntiú go raibh na himeachtaí comóraidh idir ionchuimsitheach agus mheasúil.
Sheol sí Éire Ildánach, clár cultúir agus folláine uile-Rialtais arb aidhm leis ealaíon, cultúr, oidhreacht, ceol agus drámaíocht na tíre a fhorbairt. Is é is cuspóir d’Éire Ildánach ná a chinntiú gur féidir le gach duine in Éirinn lán a gcumais a bhaint amach ó thaobh cruthaitheachta de.
Thug sí isteach an Scéim Caipitil Ealaíon agus Cultúir d’fhonn infheistíocht a spreagadh in ionaid áitiúla ealaíon agus cultúir i ngach cearn den tír. 

Tacaíocht do Ghnólachtaí Éireannacha

Is maith is eol do Heather cén chaoi déileáil le géarchéim. Nuair ab í an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta í, bhí ról lárnach aici san obair le gnólachtaí in Éirinn a dhéanamh réidh don Bhreatimeacht.
Chuir Heather réimse tacaíochtaí ar fáil le cabhrú le gnólachtaí a mbealach a dhéanamh trí Phaindéim COVID-19 agus na cosa a thabhairt leo. 
Mar an tAire Gnó, is iomaí uair a rinne Heather ionadaíocht d’Éirinn thar lear. Bhí sí i gceannas ar Mhisin Trádála idirnáisiúnta, áit a raibh sí ag obair i gcomhar le gníomhaireachtaí Stáit ar nós GFT Éireann agus Fhiontraíocht Éireann le deiseanna a chruthú do ghnólachtaí Éireannacha thar lear. 

Ar Thaobh na
nOibrithe

Is í Heather a rinne an reachtaíocht um Chlárú Uathoibríoch a dhearadh agus a achtú, atá le teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2026 agus a chinnteoidh go mbeidh fáil ag breis is 800,000 oibrí ar fud na tíre ar Phinsean Ceirde a thabharfaidh slándáil agus suaimhneas intinne dóibh agus iad ar scor.  
D’achtaigh Heather reachtaíocht le hathchóirithe suntasacha a chur i bhfeidhm, amhail Sochar Pá-Ghaolmhar, a tháinig i bhfeidhm i mí Aibreáin agus a chinntíonn, má chailleann duine a phost agus stair fhada oibre aige/aici, go bhfaigheann sé nó sí íocaíocht níos airde atá i gcomhréir lena dtuarastal agus lena ranníocaíochtaí ÁSPC thar na blianta.

Cúram á Dhéanamh de Dhaoine Breacaosta

Mhéadaigh Heather na híocaíochtaí do phinsinéirí, do chúramóirí agus do dhaoine faoi mhíchumas i gCáinaisnéis i ndiaidh Cáinaisnéise.
Chuir Heather le raon feidhme an Liúntais Breosla ionas go mbeadh na mílte daoine breacaosta eile incháilithe don tacaíocht ríthábhachtach seo a chabhraíonn leo a mbillí téimh a sheasamh.
Ceann de na gníomhartha deireanacha a rinne Heather mar Aire ná maoiniú a fháil don Phas Uilíoch Saorthaistil Compánaigh nua do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois, a thiocfaidh i bhfeidhm an 29 Meán Fómhair agus a chinnteoidh go mbeidh daoine os cionn 70 bliain d’aois in ann cara nó gaol a thabhairt leo ar an traein nó ar an mbus saor in aisce.

Ag Cabhrú le
Teaghlaigh

Is í Heather a chuir Clár na mBéilí Scoile Teo i bhfeidhm i mbunscoileanna ar fud na tíre lena chinntiú go bhfaigheadh gach leanbh dinnéar te i lár an lae.
Leathnaigh Heather an Scéim Sochair Linbh ionas go leanfaí de na híocaíochtaí a dhéanamh i leith leanaí atá 18 mbliana d’aois agus fós san oideachas, rud a thacaíonn go mór le teaghlaigh atá faoi bhrú airgid.

Tacaíocht do Chúramóirí agus do Dhaoine faoi Mhíchumas

Thug Heather reachtaíocht isteach le go mbeadh Cúramóirí fadtéarmacha incháilithe don Phinsean Stáit.
Bhí Heather freagrach as sraith íocaíochtaí cnapshuime a thabhairt isteach le cabhrú le pinsinéirí, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas an costas maireachtála a sheasamh.
Chuir Heather éagóir sa chóras ina ceart nuair a thug sí isteach Dlí Catherine, dlí a chinntíonn nach ndéanfar difear ar bith do na híocaíochtaí míchumais a fhaigheann duine má fhaigheann sé nó sí maoiniú trí scoláireacht freisin.
Thug Heather cláir nua isteach ar nós an Chláir Oibre agus Rochtana agus WorkAbility, cláir faoina gcuirtear réimse tacaíochtaí oiliúna agus oideachais ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.
Thug Heather isteach an Pas Saorthaistil do dhaoine a bhfuil an titimeas orthu agus d’aon duine eile a bhfuil deimhniú dochtúra aige nach bhfuil in ann tiomáint.
Bhí an-chomhbhá ag Heather do dhaoine agus í ina hAire. Thug sí cluas do chách. Léiriú air sin ab ea an deontas €500 a thug sí isteach le tacú le daoine a bhfuil an alóipéice orthu folt bréige a cheannach. Beart beag a bhí ann, ach ba mhór an rud é do na daoine a fuair an cúnamh.

Cumhacht do Phobail Áitiúla

Mar an tAire Forbartha Pobail, thacaigh Heather le grúpaí pobail ar fud na tíre, amhail Coistí Bailte Slachtmhara, Seideanna Fear, Seideanna Ban, Seónna Talmhaíochta, Leabharlanna agus neart eile nach iad.
Thug Heather isteach cláir mhaoinithe nua, amhail an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte agus Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail, d’fhonn infheistíocht a spreagadh i bpobail áitiúla ar fud na tíre.
Chuir Heather maoiniú ar fáil faoi chomhair tionscnaimh faoi stiúir an phobail – hallaí pobail, clóis súgartha nua, uasghráduithe ar pháirceanna CLG, cosán nua, cuir i gcás – d’fhonn tacú le bailte, sráidbhailte agus paróistí ó cheann ceann na tíre.
Sheol Heather Ár dTodhchaí Thuaithe – an beartas forbartha tuaithe is uaillmhianaí le fada an lá. Mhol an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta an beartas ar an ardán idirnáisiúnta, ag rá go bhféadfadh sé a bheith ina eiseamláir do bheartais forbartha tuaithe eile ar fud an domhain.
Bhrúigh Heather an clár cianoibre chun cinn ar fud an Rialtais agus, chuige sin, rinneadh infheistíocht in áiseanna cianoibre ar fud na tíre agus cuireadh maoiniú ar fáil ionas go bhféadfaí seanfhoirgnimh i bpobail a thiontú ina moil. Tugann an chianobair deis do dhaoine a bheith ina gcónaí agus clann a thógáil ina bpobal dúchais féin.

Tacaigh le m’Fheachtas Inniu

Is féidir le do shíntiús difear a dhéanamh agus dul i bhfeidhm ar a bhfuil i ndán don náisiún maorga seo.